Stair Digi-Sign

I measc an 10 is mó ar domhan

Tá Digi-Sign i measc an deich soláithreoir Theastais Dhigiteacha is mó ar domhan. A chruthú seo ná cuiridh ó leithéid an Roinn Cosaint [DoD] sna SA ( áit nár tugadh cuireadh tairiscint ar an síneadh is deireanaí ar chóras IEP an DoD ach do 10 gcomhlacht; gearrliostáileadh DigiSign agus ceithre chomhlacht aitheanta idirnaisiúnta eile do thogra Naisiúnta IEP ar son RENIEC, sa Pheiriú, Ionad Náisiúnta Teastas Digiteach, i Riyadh i Ríocht Saudi Arabia; agus go leor tograí eile ar fud an domhain ina dtugtar cuireadh go rialta do Digi-Sign a bheith páirteach.

Foirfeacht Seirbhíse & Freastail

Tá a Bhainisteoir Cuntais féin ag gach custaiméir, ionas go ndeintear an obair riaracháin ar fad duit agus geallaimid ár gcuid córais a sheachadadh níos tapúla ná aon soláithreoir eile ar domhan. Tugaimid malairt teastais SAOR IN AISCE agus ofrálaimid tacaíocht teicniúil den scoth, dearbhú trífhillte, Séalaí Suímh agus Árachas Domhanda.

Ofrálaimid seirbhís níos solúbtha le aire do mhionsonraí agus seirbhís ginearálta nach bhfaighfear ó mhór-sholáithreoir. A chruthúnas seo ná an litir mholta ( féach Auigisín I) ó bhall de Chlann Ríoga Bhahrain í Ríocht Bhahrain áit a n-áirítear gur ‘ábhar éid dá gcuid soláithreoirí is mó go fiú’ seirbhís agus profaisiúntacht s’againne.

Cúram s’Againne

Baineann 95% de chúram s’againne le Teastais Dhigiteacha, Údarú Teastais [UT] agus/nó Infrastruchtúr Eochrach Phoiblí [IEP].Tá clár paiteanta le haghaidh uaoibriú saolré an Teastais Dhigiteach inár seilbh chomh maith leis na bogearraí gur dócha gurb iad is nua-aoisí agus suas-chun-dáta ar an margadh domhanda. Ón mbunús seo, díolaimid meascán de chórais Bainistithe UT agus Clár Bhogearraí UT le haghaidh úsáide Rialtais agus eagraíochta meánacha agus móra go príomha.

Ionad s’Againne sa Mhargadh

Is iad ár gcuid margaidh reatha ná Éire/An Bhreatain Mhór, Meiriceá Thuaidh agus Theas agus an Mhéan-Oirthear. Samplaí de thograí sna margaidh seo ná: a) SAM- d’athraigh March Mc Lennan, An Bróicéir Árachais is mó ar domhan, a sholáithreoir Teastais go Digi-CA™ Servicesa bhliain 2006 ; b) An Ríocht Aontaithe - d’athraigh Vodafone, an soláithreoir ghutháin phóca is mó ar domhan, a sholáithreoir Teastais go Seirbhís Digi-CA™ sa bhliain 2003; c) Peiriú – úsáideann SUNAT (údarás cánach) Digi-IDs™, chun a gcuid úsáideoirí a dheimhniú; d) An Mhéan-Oirthear, Dáilitheoir Digi-CA™ úsáidtear mar chóras Náisiúnta IEP i Ríocht Bhahrain don Chárta Aitheantais Náisiúnta IEP ( togra ata sa tsiúl ó 2007).

Stiúrtheoireacht Straitéiseach

Is é príomh-stiúrtheoireacht straitéiseach an chomhlachta ná díriú ar fhíorluach a thabhairt d’airneáil IEP an mhargaidh trí sheirbhís den scoth agus praghasáil iomaíoch.

Tá barr feabhais Digi-Sign ag déanamh fíor-athrú sa mhargadh trí dhearadh nuálach a chuid córais agus a chumas costas bainistithe agus scaradh amach chórais mhóra IEP. (Féach 'Cur i Láthair Digi-CA').

Gné eile den stiúrtheoireacht straitéiseach seo ná roinnt leanúnach modheolaíocht an chórais Digi-CAST™ le haghaidh dearú, cur i bhfeidhm, deimhniú agus bainistiú ‘Ionaid Muiníne’ UT. Ofrálann an mhodheolaíocht ‘leabhar oscailte’ seo fíor-roinnt eolais a chuireann ar chumas ár gcuid custaiméirí cinntí eolas-bhunaithe agus ligeann dár gcuid custaiméirí fíor-sheilbh a ghlacadh ar a gcuid infrastruchtúir, pé leagan agus struchtúr a roghnaíonn siad a úsáid.

Nuair a chuirtear na straitéisí lárnacha thuasluaite le forbairt agus feabhsú leanúnach an chórais Digi-TaSC a bhainistíonn gach gné de thimpeallacht an TU (ó dhaoine go polasaithe, cur chuige, doiciméadú, bainistiú ócaidí, leanacht, taifeadú, cur i bhfeidhm leibhéil aontaithe seirbhíse agus riachtanais thábhachtacha eile na timpeallachta UT), tá stairíocht cruthaithe againn i ndearadh, seachadadh, bainistiú agus tacaíocht leanúnach de na riachtanais IEP is casta.

Gaol le VeriSign

Gineadh an comhlacht i 1999 as gaol an úinéara le VeriSign, Inc. Ag gníomhú mar Chleamhnaí dá gcuid Teastais Dhigiteacha, d’fhás an gnó go dtí gur ghlac Roccade Megaplex (Getronics anois) seilbh ar an gcomhlacht sa bhliain 2000.

Liostáil Poiblí

Roinn Stát Ollanach ab ea Roccade ar dtús.Rinneadh comhlacht de sa bhliain 1949, d’fonn freastal ar riachtanais priondála agus stórais shábháilte dhoiciméid Rialtais na hOlainne. Tar éis a liostáil poiblí ar Mhalartan Amstardam [AMX], d’fhás teacht isteach an Ghrúpa go níos mó ná €800M.

Sa bhliain 2004, nasc Roccade le Getronics Groupna Breataine Móire. Le hioncaim de €2.6B leanann sé ag soláthar seirbhísí TEC ar ardchaighdeán do chustaiméirí in áirneálacha dian-eolais, mar shampla tionscaíocht, bainc, comhlachtaí árachais, leasa shóisialaigh, sláinte agus rialtais. Léiríonn an t-eolas is déanaí ar an ngrúpa gur cheannaigh KPN, an eagraíocht Teileacom agus TEC é.

Ceannach Amach Bainistíochta

Tar éis nascadh leis an PinkRoccade Group sa bhliain 2000, thosaigh PinkRoccade DigiSign ag glacadh freagrachta iomláin as díolachán agus margaíocht Theastais Dhigiteacha ar fud na hEorpa. Sa bhliain 2002, bheartaigh bainistíocht Digi-Sign Ceannach Amach Bainistíochta [CAB] a dhéanamh ar an gcomhlacht.

Sna cúig bliana ó bheith ina chomhlacht neamhspleách, tá Digi-Sign ina cheannródaí ar athraithe ar bhealaí úsáide agus bainistiú Theastais Dhigiteacha. Tá roinnt chórais shainiúla Údaraithe Theastais [UT] cruthaithe aige agus tá seirbhísí ar nós modheolaíocht Digi-CAST™ agus Total Trust Management™ [TTM™]. Is chun leasa shuntasach an mhargaidh a chuaigh na córais shainiúla seo (agus tá roinnt leaganacha aithriseacha agus cóipeanna déanta ag dreamanna nach sinn).

Le haghaidh tuilleadh eolais, leigh na rannóga Teistiméireachtaí agus na Litreacha Molta ar an suíomh nó léigh an Blog Corparáideach.